05/07/2011
John Ghrainne was one of the stalwarts of the Irish language and the storytelling of his native home. This episode, he speaks about the first group of people who came to Rannafast.
Last on
AthscrÃbhinn den chlár
Sé do bheatha agus tá fáilte mhór romhat chun na sraithe speisialta seo darb ainm Ceann Dubhrann - sin ainm eile ar Rann na Feirste. Agus liomsa le linn na sraithe seo beidh fear mór de chuid na Gaeilge, duine a bhfuil aithne air ar fud na tÃre, go háirithe i gCúige Uladh, sin Seán Ó Duibheannaigh. Tá muid inár suà anseo sa teach ag Seán, John Ghráinne, duine a bhà ar an chlár agam minic go leor roimhe seo agus anois tá muid beirt ag gabháil a thoiseacht amach agus clár a dhéanamh ar an seanchas agus ar scéalta na ndaoine a mhair agus a mhaireann go fóill i Rann na Feirste agus plé a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den saol sin a bhà acu agus atá acu anois. Agus go raibh mÃle maith agat, a John, as an chlár seo, as an tsraith seo a dhéanamh linn – Ceann Dubhrann.
Go ndéana a mhaith duit, a Antaine agus tá fáilte romhat chun an tà seo.
Bhuel, cad é mar a tháinig daoine go Rann na Feirste an chéad uair nó cá huair a tháinig daoine go Rann na Feirste?
Tháinig daoine go Rann na Feirste in 1736. Tháinig siad isteach as taobh amuigh de Tearmann ansin, áit a bhfuil an Stacránaigh air. Cloinn Uà Ghrianna ! Seán Ó Grianna a tháinig an chéad uair go Rann na Feirste. Leoga, dálta go leor dar lean Seán, bhà Seán cineál drabhlásach má thiocfadh leat drabhlásach a thabhairt air. Nà raibh mórán suime aige riamh in obair chrua. Ach bhà an dúdhúil go deo aige in spórt agus i gcuideachta agus i bhfidléireacht. Fidléir maith a bhà ann. Agus ceann de na rásaà dá dtug sé ina shaol ba é sin ceann acu a thug sé go Rann na Feirste.
Tháinig sé go Rann na Feirste agus ar ndóighe, ins an am a dtáinig Seán go Rann na Feirste, nà raibh bealach mór ann ná bealach coise ach oiread ach ag léimtigh ó thurtóg go turtóg ! Agus bun na gcrann agus crainn ag titim ar a dtaobh ! Agus bhà droch-chuma ar Rann na Feirste. Ach nà hé sin mar a chonaic Seán Ó Grianna é. Thit Seán Ó Grianna i ngrá le Rann na Feirste – garbh is eile mar a bhà sé san am. Agus shiúil sé thart frÃd Rann na Feirste agus bhreathnaigh sé é ó chladach go barr an bhaile.
Ba mhaith leis Rann na Feirste bheith aige ach nà raibh teann ar a chúl aige. An duine bocht, nà raibh a oiread airgid aige agus a cheannódh an baile. Agus chuaigh sé ar ais amach go dtà go raibh sé amuigh ins, ina sheanbhaile agus chuaigh sé féin agus a dheartháir Pádraig i gcomhar. Agus dúirt Pádraig go gcuideodh sé leis an baile a cheannacht. Tháinig sé féin agus Pádraig arÃs isteach go Rann na Feirste agus, bÃodh a fhios agat gur beirt dheartháir a bhà iontu ach bhà siad iontach éagosúil le chéile ina gcuid dóigheanna. Oibrà mór a bhà i bPádraig. Ba chuma leis ach an lá a oibriú, an oÃche a chodladh agus sin a raibh ar a aird. Is ba chuma le Seán ach cén áit a bhfaigheadh sé spórt agus cuideachta.
Anois, tháinig siad go Rann na Feirste, mar a dúirt mé, agus chuir siad a gcomhairle i gceann a chéile, ag féacháil leis an bhaile a cheannach. Agus cheannaigh siad an baile ón tiarna a bhà i dtreis insan am. Cheannaigh siad an baile ar chúig phunta. Cúig phunta a dhÃol siad air agus cúig scillingeacha de chÃos in aghaidh na bliana ina dhiaidh sin. Anois, ba é sin an baile ceannaithe.
Ach bhà dúil mhór ag Seán in áilleacht agus in radharcanna deasa. Agus dar leis go dtógfadh sé cró tà ar an taobh thiar den bhaile, abhus os cionn na Báinsibh. Agus nà chreidim ná tá cuid de chlocha na dúshraithe fágtha ansin go fóill i ndiaidh a dtáinig d’athruithe ar Rann na Feirste. Ach ba mhaith le Pádraig a ghabháil soir taobh thoir den bhaile ar an fhoscadh in áit nach mbeadh stoirm ná a dhath ar bith ag cur isteach air agus a dtiocfadh leis codladh san oÃche agus a bheith réidh fá choinne lá maith oibre a dhéanamh ar maidin. Anois, chuaigh siad, chuaigh Pádraig ar an taobh thoir den bhaile. Thóg sé cró tà ansin agus chuaigh Seán ar an taobh thiar den bhaile.
Bhà tú ag cur ceiste orm cad é mar a tháinig na daoine go Rann na Feirste. Sin a raibh de dhaoine ar an bhaile. Bhà a gcuid ban leo ar ndóighe. A bhean féin le Pádraig agus a bhean féin le Seán. Agus sin a raibh de dhaoine ar an bhaile! Ach bhà inÃon ag Seán a raibh Róise uirthi. Róise. Agus nuair a chuaigh na blianta thart tháinig fear aniar as an Chruit – Pádraig Dubh Ó Dónaill – agus pósadh é féin agus Róise Sheáin Uà Ghrianna. Agus ar ndóighe, bhà teaghlach mór acu sin. Sin an teaghlach a d’fhág seanchas ar, fá Rann na Feirste nach mbeadh ann ach ab é iad - sin clann Phádraig Dhuibh Uà Dhónaill agus clann Róise Sheáin Uà Ghrianna. Sin na filà gan iomrá a mbÃthear ag caint orthu anois – Séamas agus Aodh agus Mánas agus – sÃlim go raibh seacht nó ocht de chloigneacha de theaghlach ann.
Thóg Pádraig é féin teaghlach agus ar an teaghlach sin bhà cuid mhór agus sÃlimse gur imigh siad go dtà an tOileán Úr, go dtà áit éigin nó nÃl mórán cainte déanta ar theaghlach Phádraig. NÃl mórán cainte déanta orthu agus ar dhóigh inteacht rinneadh dearmad daofa. Agus b’fhéidir go ndéanfaà dearmad de chlann Phádraig Dhuibh Uà Dhónaill fosta agus de chlann Róise Sheáin Uà Ghrianna murab é gur filà a bhà iontu! Bhà Aodh agus Séamas ina mbeirt mhac ag Róise Sheáin Uà Ghrianna.
Tháinig fear de chlann Uà Dhuibheannaigh, Conall Ó Duibheannaigh, agus bhà dúil sa deoch aige agus san am sin bhà an scilling bhradach seo ag gabháil agus dá dtabharfadh an tArm scilling duit ba é sin tú san Arm. Ghlac Conall Ó Duibheannaigh an scilling bhradach seo agus d’ól sé Ã. Agus d’imigh sé ar a sheachnadh. Agus tháinig sé isteach go Rann na Feirste agus, ar ndóighe, nà raibh mórán tithe i Rann na Feirste, chuaigh sé toigh Aoidh. Agus bhuail sé féin agus inÃon Aoidh Uà Dhónaill suas le chéile – nÃl a fhios agamsa cad é an chogarnach a bhà eadarthu. NÃor chuala mé à ach cá bith cogarnach a bhà ann nà raibh i bhfad ina dhiaidh go dtà gur pósadh Conall Ó Duibheannaigh agus inÃon Aoidh, inÃon Aoidh Uà Dhónaill. Agus bÃodh a fhios agat gur thóg siad teaghlach – Conall Ó Duibheannaigh agus EibhlÃn Aoidh. Ba é sin mac de na gcuid, Pádaà Ó Duibheannaigh nó Pádaà EibhlÃne, Pádaà EibhlÃne Aoidh, athair mór m’athara. Agus tháinig – sin - aon mhuintearas amháin atá agamsa agus ag Clann Uà Ghrianna do na Dálaigh.
Ach chaith siad saol breá gan bhuaireamh gan thrioblóid. Nà raibh a dhath ag cur bhuartha ar fhear acu ach obair agus filÃocht a bhà ag cur bhuartha ar an chuid eile. Ach chuaigh na blianta thart, chuaigh na blianta thart agus nà raibh Séamas agus a bhean féin – ba as Pobal Ghaoth Dobhair a bhean – nà raibh siad iontach mór le chéile. NÃor scar siad ariamh cosúil le mar a nÃthear anois! D’fhan siad i mbun a chéile. Ach má d’fhan féin bhà saol beag niogóideach acu. Agus d’fhág sin filÃocht againn fosta nach mbeadh againn ach ab é nach raibh siad ag tarraingt an tsnáithe mar ba cheart.
Ach ar ndóighe, nuair a fuair mac Shéamais, nuair a báitheadh an duine bocht, Pádraig Shéamais, bhà caibidil mhór ann cé acu a chuirfà i gCionn Chasla é nó a chuirfà thall i Machaire Gathlán é. Bhà a mháthair - ba as Gaoth Dobhair à - i bhfách lena chur go Machaire Gathlán agus bhà Séamas i bhfách le é bheith curtha ag na athair féin ar an Chruit. Agus fágadh an scéal le réiteach ag an deartháir ab óige, Niall. Agus d’iarr Niall é a chur chun na Cruite. Agus fágadh ansin Pádraig Shéamais agus Séamas, a athair agus a athair mór curtha ar an Chruit.
An dtuigeann tú, an lá a báitheadh a mhac, nÃorbh é an Séamas céanna nÃba mhó é. Chum sé filÃocht agus bhà sé iontach maith ag cumadh filÃochta. NÃor chum sé a oiread lena dheartháir, Aodh. Ach chum sé filÃocht. Agus nuair a báitheadh an mac, bhà sé stadtha tamall roimhe sin den fhilÃocht. Bhà sé ag éirà aosta. Mar a déarfá, ró-aosta fá choinne filÃocht a chumadh ! Caithfidh tú bheith measartha óg agus measartha sláintiúil le filÃocht a chumadh.
Ach bhà sé stadtha den fhilÃocht. Ach nuair a báitheadh an mac, shÃl siad go raibh seachrán beag ag teacht air. Agus fuair siad lá amháin é ag caint leis féin thÃos fán chladach, thÃos, mar a deir sé féin, os cionn taobh abhus de Charraig na nDeor. Agus chuaigh sé chuig Aodh agus d’inis sé an t-amhrán d’Aodh óna thús go dtà na dheireadh - Amhrán Phádraig Shéamais. Agus dúirt Aodh leis agus, ar ndóighe - is é a dúirt an ceart : ‘Bhuel,’ ar seisean, ‘bÃodh a fhios agat,’ ar seisean, ‘go mbeidh dearmad déanta ar mo chuid filÃochtasa agus go mbeidh do chuid filÃochtasa i neart réime nuair a bheas dearmad déanta de mo chuidse. Tá an bhuaidh agat má bhà sé ag aon fhear ariamh,’ arsa Aodh. ‘Sin an bhuaidh nach bhfuil inmhaÃte orm,’ arsa Séamas, ‘is à an bhuaidh à a dtiocfainn gan Ã.’ Agus, ar ndóighe, nà raibh a dhath faoi sin aige.
Agus an t-amhrán sin, sin An Chéad Mháirt den Fhómhar, ab é?
‘An chéad Mháirt d’Fhómhar, ba bhrónach, ba tuirseach mo scéal,
lámh thapaidh a bhà cróga, ag gabháil romhamsa ar leaba na néal.
Is iad a,’ - ó b’fhéidir go bhfuil dearmad déanta agam de chuid de sin anois.
‘Is iad a chuir insan uaigh monuar a d’fhág mise gan bhrÃ.
Gan mhisneach, gan stuaim, ach i mo thruaill bhocht ag imeacht le gaoth.’
Anois, nÃl ansin ach beagán dó. Ach bÃodh a fhios agatsa, go dtà an lá a bhfuil inniu ann, go mbeidh Amhrán Phádraig Shéamais á cheol in áiteacha, bÃodh a fhios agat, in áiteacha buartha chomh maith le áiteacha gleoiréiseacha. Ceolfar é ach tá a fhios agamsa is nÃl sé blianta fada ar bith ó tháinig fear as taobh thiar den phobal anseo ar shÃl mé nach raibh Gaeilge ar bith á labhairt ann agus bhà a mhac i ndiaidh bás a fháil. Agus chuir sé ceist an raibh duine ar bith as Rann na Feirste istigh ansin a cheolfadh Amhrán Phádraig Shéamais. An dtuigeann tú, bhà ceol, bhà caint iontach láidir ann, caint iontach thruacánta.
Thoisigh na daoine a phórú ansin. Thoisigh na daoine a phósadh frÃotha féin. An dtuigeann tú, nà raibh a leithéid de rud ann agus ag imeacht amach as baile. Má bhà - nuair a tháinig na tÃthe - má bhà oÃche dhamhsa ag gabháil a bheith acu – agus bhà dúil sa damhsa ariamh acu – má bhà oÃche dhamhsa ag gabháil a bheith acu, i gceann de na tithe a bheadh an damhsa. Agus má bhà beirt ag gabháil a phósadh, nà raibh tú ag gabháil a phósadh bean ar bith ach an bhean a raibh measarthacht aithne agat uirthi. Siúd agus gur is iomaà cleamhnas a rinneadh idir beirt nach bhfaca a chéile mórán ariamh!
Ach d’fhág sin muintir Rann na Feirste iontach, iontach clósáilte dá chéile. Nà raibh coimhthÃocha ar bith frÃotha. Bhà siad ansin, iad féin, agus go dtà an lá a bhfuil inniu ann, tá sin de shéala ar Rann na Feirste. Agus mura mbeadh a dhath ar bith ann ach é, deir siad go bhfuil muid anseo i Rann na Feirste iontach, iontach deas dá chéile agus go mbÃonn muid ag caint eadrainn féin agus nach maith linn labhairt le daoine as baile amach. Bhuel, bhà sin amhlaidh cuid mhór go dtà ar na mallaibh. NÃl sé amhlaidh anois ach bhà sé amhlaidh. Ar ndóighe, go dtà le gairid, nà raibh iomrá ar bith ar chor ar bith ar a ghabháil amach as baile chuig damhsa nó a bheith ag caint ar na daoine drabhlásacha a chuaigh agus b’fhéidir a bhà thiar i Mullach Dubh ná thuas in Anagaire ag damhsa. Bhà siad sin chun drabhláis. Chuaigh siad taobh amuigh de chrÃocha an bhaile.
Ach phóraigh muintir Rann na Feirste. Phós siad, agus phóraigh siad agus an deireadh a bhà air go raibh na daoine ag cruinniú. Tháinig Gallchóirigh. Tháinig achan uile dhream. Tháinig Clann Mhig Gairbheith. Tháinig siad isteach agus pósadh frÃd a chéile iad. Agus chaith siad saol breá i Rann na Feirste.
Anois, saol maith. Bhà muid scaite. Bhà muid ar shiúl ó na bealtaà móra. Bhà muid istigh anseo i gcúl na gcnoc. Agus ba chuma linn sa tsioc cad é a tharlódh i Leitir Ceanainn. Nà raibh baint aige sin dúinn. Bhà muidne anseo linn féin. Ach bhà buntáiste mhaith amháin againn. Agus ba é an bhuntáiste sin - bhà muid ag taobh an chladaigh. Agus bÃodh a fhios agat gur chuntas tú sin cuid mhór nó nuair a bhà ocras agus ocras mór ar go leor daoine, bhà muintir Rann na Feirste beo ar bhia cladaigh. Agus is mór an trua nach bhfuil siad beo nÃos mó inniu air ná atá siad nó nà raibh iomrá ar bith ar chuid mhór de na haicÃdeacha sin atá ag gabháil anois. Nà raibh iomrá ar bith air sin. D’ith siad a sáith sleabhaic agus a sáith creannaigh agus a sáith corr chladaigh. Agus chuaigh siad amach nuair a bhà trá ann agus bhain siad breallaà agus bhain siad sliogáin. Agus achan rud leis an rud eile go dtà go raibh - nà raibh ocras orthu.
Rinne siad leo ansin currach ná bád. Nà raibh teach ar bith nach raibh currach ná bád ann. Agus ba ghnách leo ghabháil amach agus tamall iascaireachta a dhéanamh. Agus bheadh deirgeacha agus balláin agus gliomaigh – agus na rudaà seo uilig go léir leo isteach agus a sáith le hithe acu. Agus shaillfeadh siad iad nó bheadh amannaÃ, b’fhéidir, nach mbeadh siad ábalta ar a ghabháil amach dá mbeadh siad gnaitheach ag gabháil do a dhath ar bith eile.
Ach mar a dúirt mé, bhà siad déirceach fosta. Thiocfadh scaifte lena gcuid spádaà san earrach agus thiompódh siad an talamh do chréatúr inteacht nach raibh ábalta a dhéanamh é féin. Thiocfadh scaifte eile lena gcuid sleánta agus bhainfeadh siad a gcuid mónadh. Chuirfà tuà ar an teach di. Chuirfà urlár sa teach má bhà an t-urlár - urlár créafóige, ar ndóighe, a bhà ag gabháil an t-am sin – chuirfà urlár créafóige sa teach di - cré gorm. Agus nuair a bheadh oÃche dhamhsa ann, is minic agus is minic a tchifeá iad agus a mbróga corruair ag greamú san urlár – d’éireodh an t-urlár bog le barraÃocht siúil.
Ach nà raibh bród ná beadaÃocht i nduine ar bith. Bhà siad beo go dÃreach ar aer an acaine. Agus sin an rud atá contúirteach sa lá a bhfuil inniu ann. Tá daoine rómhór ag a mbróga. Tá daoine ag iarraidh bheith beo ag - ar dhóigh mhór agus gan teann ar a gcúl acu leis sin a dhéanamh. Ach bhà i Rann na Feirste - d’fhan an Ghaeilge i Rann na Feirste fosta.
Ach bhà Séamas Ó Grianna, bhà Máire sa leabhar sin Nuair a Bhà Mé Óg - scrÃobh sé fá mhórtas an Dálaigh. An raibh beadaÃocht nó bród ansin?
Bhuel, bhà bród cine ann. Bhà bród cine ann. An dtuigeann tú, chuaigh na Dálaigh siar a fhad leis na Dálaigh a bhà ann roimhe sin - na Dálaigh a bhà i gcúirt ársa Dhún na nGall agus achan rud. Agus bhà an bród sin, bród agus beadaÃocht na nDálach, bhà sin ansin agus nà thig a bhaint as. Agus tá a bheagán nó a mhórán de inniu ann. Agus ar dhóigh nà thiocfadh leat bheith ina dhiaidh go hiomlán orthu nó thiontaigh siad iad féin ar na taoisigh agus ar na daoine móra seo. Agus nà hé, nà hé gur amharc siad anuas ar dhream ar bith eile. NÃor amharc siad anuas ach rinne siad amach gurbh fhiú amharc suas rud beag orthusan. Sin a raibh de dhifear ann. BhÃ.
Sin nuair a thoisigh na boichte. Nà thug muidne ariamh anseo bacaigh ar na daoine a tháinig thart a chruinniú. Tháinig – na boichte a thug muid orthu - chuaigh na boichte a theacht, ar shiúl, ar ndóighe ó theach go teach, ag iarraidh déirce. Agus tá a fhios ag Dia nach raibh sé mór an méid déirce a thiocfaà a dhéanamh orthu. Ach chuaigh cuid acu sin a chruinniú bratóg, cuid eile a chruinniú uibheacha, cuid a chruinniú phréataà agus cuid ar chuma leo ach dÃdean an tà a fháil agus cá bith greim bÃdh a bhà ag gabháil, a sciar de sin a fháil.
Bhà scaifte acu ag teacht nó bhà liosta agus tá mé ag déanamh go bhfuil cuid den liosta agam go fóill. Tháinig cúpla fear ar tús agus nà raibh a fhios an t-ainm a bhà orthu ach d’inis siad féin agus caithfidh sé gur as taobh amuigh de áit inteacht a raibh Gaeilge a tháinig siad nó Willy Hegarty a bhà ar fhear acu. Dan Keavney. Ach ansin tháinig an Babhdán agus an Boc Bán. Tháinig Bratach Ghorm, Pádaà ShailitÃn agus Micheál Ó Carradáin. Dowse is Siúsaà Dheirg agus Eoin an tSeile Seáin, Pádaà na Circe, Pádaà na mBrioscaà agus Mánas Tharlaigh Bháin. Sin anois na boichte a bhà ag teacht thart frÃd Rann na Feirste.
Nà thug muid ariamh bacaigh orthu. Bheir muidne bacach ar an té a dhéanas rud inteacht fabhtach nó an té nach bhfuil ábalta a áit féin a sheasamh agus é ábalta é a dhéanamh ach nà fiú leis a sheasamh. Sin bacach. Cosúil le fear a ólas deoch na muintire eile agus nach gceannaÃonn deoch arÃs. Sin bacach. Ach nà bacach ar bith an créatúr a chaithfeas a ghabháil ó dhoras go doras. Sin bochtán. Agus bhà sé, bÃodh a fhios agat mura mbeadh agat ach pingin amháin sa teach, nà ligfeá an bochtán ón doras nó tá sé ráite – déirce do bhochtáin Dé. Sin an rud a bhà leagtha amach agus sin an rud a bhà tuigthe ag muintir Rann na Feirste.
Bhà cuid mhór de dhóigheannaà iontach maith i Rann na Feirste. Mar a dúirt mé, bhà siad ag cuidiú le chéile. Dá n-éireodh bó tinn i dteach agus bó na bpáistà a bheirtà uirthi an t-am sin, ná mura mbeadh aon bhó agat, nà raibh bainne agat. Agus nà raibh na páistà beo gan bainne. Agus bó na bpáistà a bheirtà uirthi. Ach dá n-éireodh an bhó sin tinn, bhà fir eolacha ar an bhaile, fir a bhà ábalta ar a theacht agus b’fhéidir go dtabharfadh siad fá dear cad é a bhà contráilte leis an bhó. Agus ansin bhà fir ann fosta a bhà ábalta tabhairt fá dear go mb’fhéidir gur caite a bhà an bhó. Agus sin – rud a bhà sa bhó a bhà caite go dtearn duine inteacht drochamharc uirthi – sin nó go raibh cumhacht inteacht ag an tslua sà a bhà ag déanamh do bhó tinn.
Agus bhà fir ar an bhaile a bhà ábalta ar leigheas caite a dhéanamh don bhó – bhà leigheas fá choinne na rudaà sin uilig. Thiocfadh fear isteach agus thomhaisfeadh sé an bhó ó bhun a cluaise go bun a rubaill agus é ag rá focla. ‘Ceithre fóide glasa faoi do cheithre cosa, aon laoi na caillà brice tá tú an fad seo gairid,’ a déaradh sé. Agus ar scor ar bith, bÃodh a fhios agat go raibh rud inteacht ann nó go minic minic, bunús an ama, fuair an bhó biseach. Ach bhà - bhà an baile seo an t-am sin - chuaigh sé ar aghaidh agus bhà sé iontach maith ach nà raibh sé cosúil le mar atá sé inniu.
Bhuel, bhà tú ag caint nÃba luaithe ansin ar an Ghaeilge atá agus a bhà ag na daoine i Rann na Feirste. Anois, tá ainm ar Ghaeilge Rann na Feirste go bhfuil sà iontach binn, iontach blasta agus iontach saibhir mar theanga agus tá a fhios agam féin, mar shampla, go bhfuil difear mór idir an Ghaeilge anseo i Rann na Feirste agus an Ghaeilge a bheadh le fáil, b’fhéidir, anonn Gaoth Dobhair. Cad é a d’fhág an difear sin idir Gaeilge Rann na Feirste agus an Ghaeilge a labhródh, b’fhéidir, i nGaoth Dobhair nó i gCloich Chionnaola?
Bhuel, bhéarfaidh mé barúil duit cad é. Mar a dúirt mé, bhà Rann na Feirste scaite. Nà raibh duine ar bith coimhthÃoch ag teacht isteach go Rann na Feirste. Bhà Gaoth Dobhair, ar ndóighe, nÃba deise do na bealtaà móra agus bhà stráinséirà ag teacht isteach go Gaoth Dobhair. Agus d’fhág sin meascán i nGaoth Dobhair. Bhà rud eile ann. Nà raibh beairic phéas ar bith i Rann na Feirste riamh agus tháinig péas agus canúint Bhéarla acu agus labhair siad é agus chuaigh cuid de na daoine a dhéanamh aithrise air sin. Agus na bailte eile thart – Anagaire, an dóigh chéanna – tháinig - bhà beairic phéas ansin. Bhà sagairt ann agus Béarla acu.
Agus achan rud leis an rud eile, d’fhan muintir Rann na Feirste iontu féin. NÃor mheasc muintir Rann na Feirste, mar a dúirt mé cheana féin leat, d’fhan muintir Rann na Feirste iontu féin. Agus go dtà an lá a bhfuil inniu ann, aithneoidh mise agus gan mé iad a fheiceáil ar chor ar bith, thuas ansin ar an bhealach mhór, cé acu duine as Rann na Feirste atá ag caint nó nach ab é. Anois nÃl mé ag déanamh a leithéid de mholadh, ag déanamh moladh atá mé. Ach tá mé ag inse ó mo chroà amach go n-aithneoidh mé cé acu duine as Rann na Feirste a bhà ag caint nó nach ab é agus gan é a fheiceáil ar chor ar bith. Tá an difear ann. NÃl sin le rá nach bhfuil daoine i nGaoth Dobhair is daoine in áiteacha eile a bhfuil scoith Gaeilge acu ach tá blas inteacht i Rann na Feirste nach bhfuil in áit ar bith eile.
Is é an rud amháin a tháinig go Rann na Feirste cosúil le achan áit eile : nuair a chuaigh an saol a bhisiú agus an saol a dh’éirà maith, tháinig raidió agus tháinig teilifÃs agus tháinig siúd agus seo agus rinneadh dearmad de chuid mhór de na focla maithe a bhà a bhà in úsáid i Rann na Feirste. Ach nà raibh, nà raibh Rann na Feirste, mar a déarfá, iontach bródúil ar chor ar bith. Nà raibh Rann na Feirste ach go dÃreach iontu féin. Nà raibh siad ag iarraidh cur isteach ar aon duine agus nà raibh siad ag iarraidh aon duine cur isteach orthu.
Ach b’fhiú i gceart éisteacht le cuid de na seandaoine. Tá cuimhne agamsa nuair nach raibh mé ach go dÃreach i gceann mo chúpla bliain, b’fhéidir, agus mé i mo shuà ar leac na tinibh, ag titim a chodladh agus ag éisteacht a dhá oiread nó a trà oiread ba ghnách liom a bheith ag éisteacht agus mé idir mo chodladh agus mo mhuscladh. Na cruiceird a bhà istigh sna scealpacha a bhà i mbinn na tinibh - criocaird. Agus dá bhfeicfeá, dá gcluinfeá iad sin ag gabháil cheoil ! Agus pota an bhracháin ag gail ar an tinidh – tá sin i mo chluasa go fóill. Agus tuaim na seandaoine ag caint agus ag comhrá agus ag scéalaÃocht thart fán tinidh. Agus d’fhan sin agam agus tá sin agam go fóill. Agus tá sé istigh in mo chroÃ.
Agus cuid mhór de na focla a deirim, tig siad aniar ón seansaol mar a déarfá. Tig siad aniar. Agus amharcfaidh daoine orm agus déarfaidh siad – cad é an focal é sin? Cad é an chiall atá leis sin? Agus cuireann sé cineál de chumha orm nuair a chaithfidh mé toiseacht a mhÃniú daofa cad é an chiall atá leis. Agus go minic nà smaointÃonn tú féin cad é an chiall atá leis ach tiocfaidh tú amach leis an fhocal go, an dtuigeann tú, go nádúrtha.
Bhuel, ar an drochuair, tá muid ag tarraingt ar dheireadh an chláir áirithe seo ach thuig muidne go maith agus go soiléir na scéalta a d’inis tú dúinn inniu agus caithfidh muid é a fhágáil go ceann seachtaine eile. Agus, a John Ghráinne, go raibh mÃle maith agat as an chomhrá a dhéanamh liom inniu.
GLUAIS
Drabhlásach: given to drinking
Dúdhúil, bhà an dúdhúdhúil go deo aige in sport: he really loved the craic.
Turtóg: clump
Droch-chuma, bhà droch-chuma ar Rann na Feirste: Rann na Feirste looked very bad.
Teann, nà raibh teann ar a chúl aige: he had nothing to fall back on.
Aird, sin a raibh ar a aird: that’s all he cared about.
Féacháil le, ag féacháil leis an bhaile a cheannach: attempting to buy the townland.
Treis, I dtreis: in power.
Cró, cró tÃ: a dwelling.
Dúshraith, cloche na dúshraithe: foundation stones.
Foscadh, ar an fhoscadh: sheltered.
Ach ab é: except for.
Iomrá, na filà gan iomrá a mbÃthear ag caint orthu: the little-known poets that they talk about.
Scilling, an scilling bhradach: the king’s shilling, the ill-gotten shilling.
Seachnadh, ar a sheachnadh: on the run, in hiding.
Toigh, toigh Aoidh: to Hugh’s house.
Cogarnach: whispering, talk.
Bun, I mbun a chéile: together
Caibidil: discussion
Snáithe, ag tarraint an tsnáithe: ‘pulling the ropes.’
Seachrán, go raibh seachrán beag ag teacht air: that he was ‘losing it a bit.’
Réime, I neart réime: reigning, supreme.
Buaidh, an bhuaidh: the gift, talent.
InmhaÃte, sin an bhuaidh nach bhfuil inmhaÃte orm: that’s the talent that no one is envious of me for having.
AicÃdeacha: diseases.
Corr chladaigh: shore eels
Breallaigh: type of shell fish.
Sliogáin: shell fish.
Deirgeacha: Pollock
Balláin: ballan wrasse.
Gliomaigh: lobsters
Déirceach: charitable
Scaifte: crowd.
Sleán: a gcuid sleántach: their turf spades.
Urlár créafóige: clay floor.
BeadaÃocht: conceit.
Diaidh, nà thiocfadh leat bheith ina dhiaidh go hiomlán orthu: you couldn’t blame them.
Déirc, ag iarraidh déirce: seeking alms/ begging.
Bratóg, ag cruinniú bratóg: gathering rags.
DÃdean, dÃdean an tÃ: shelter.
Fabhtach: treacherous.
Fá dear = faoi deara.
Caite: elfshot.
Scaite: remote.
Tine, leac na tinibh: the hearth,
Cruicéard = cruicéad, cricket.
Scealpacha: splinters, chips.
Cumha: sorrow.
Tuaim: sound.
Ìý
Ìý
Broadcasts
- Tue 5 Jul 2011 19:03³ÉÈË¿ìÊÖ Radio Foyle & ³ÉÈË¿ìÊÖ Radio Ulster
- Thu 3 Jul 2014 19:03³ÉÈË¿ìÊÖ Radio Ulster